Tír den Aontas Eorpach a thuairisciú as dlí an Aontais a shárú Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Má dhéantar difear do do chearta dlíthiúla faoi dhlí an Aontais, ní mór rochtain a thabhairt duit ar shásamh tapa agus éifeachtach sa tír den Aontas lena mbaineann. Dá bhrí sin, is féidir leat an t-ábhar a chur faoi bhráid na n-údarás náisiúnta ábhartha agus iarracht a dhéanamh é a réiteach. Is iad sin na chéad chomhlachtaí atá freagrach as a chinntiú go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart i gcásanna aonair.Is féidir leat sárú ar dhlí an Aontais arna dhéanamh ag údarás náisiúnta a thuairisciú freisin trí ghearán a dhéanamh leis an gCoimisiún. Tabhair do d’aire gurb é ról an Choimisiúin é, seachas do chás-sa amháin a réiteach, deimhin a dhéanamh de go leanann tíortha an Aontais dlí an Aontais i gceart i gcoitinne. Roinnt na gCúraimí Tá ról lárnach ag na húdaráis i ngachtír san Aontas maidir lena chinntiú go gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme go tráthúil agus i gceart. Tá sé sin ríthábhachtach chun go mbeidh daoine agus gnólachtaí faoi chosaint ag rialacha a chomhaontaítear go comhchoiteann agus chun go mbainfidh siad tairbhe astu. Is iad na húdaráis náisiúnta, na cúirteanna náisiúnta ina measc, an chéad líne chosanta le haghaidh do chearta dlíthiúla faoi dhlí an Aontais.Cinntíonn an Coimisiún go gcomhlíonann tíortha an Aontais a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais. Mura gcuireann siad dlíthe an Aontais chun feidhme i gceart, is féidir leis an gCoimisiún tús a chur le nós imeachta foirmiúil um shárú ina gcoinne. Is é an cuspóir atá ann dlíthe agus cleachtais náisiúnta a ailíniú le dlí an Aontais. Nósanna imeachta maidir le sárú agus ról na ngearánIs foinse luachmhar eolais don Choimisiún iad gearáin chun sáruithe féideartha ar dhlí an Aontais arna ndéanamh ag tíortha an Aontais a bhrath. Cabhraíonn siad linn a chinntiú go bhfuil dlí an Aontais á chur i bhfeidhm i gceart i ngach réimse. Maidir le déileáil le gearáin, tá sé de shaoirse ag an gCoimisiún, den chuid is mó, cinneadh a dhéanamh tús a chur le nós imeachta um shárú agus cathain a thionscnófar é.Is é príomhchuspóir an nós imeachta um shárú a chinntiú go gcuireann tíortha an Aontais dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart i gcoitinne. Ní hé an cuspóir atá leis fadhbanna aonair a réiteach.Ní dheonófar sásamh ná cúiteamh díreach pearsanta duit riamh díreach mar thoradh ar nós imeachta um shárú. Chuige sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, na cúirteanna ina measc.Mar sin féin, d’fhéadfadh an t-eolas a chomhroinneann tú i do ghearán cabhrú linn cás ginearálta a réiteach ina gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm go mícheart, rud a rachadh chun tairbhe do go leor daoine agus gnólachtaí sa tír lena mbaineann.Cad is dlí an Aontais ann?Is éard atá i ndlí an Aontais corpas rialacha a chinntear ar leibhéal an Aontais agus atá infheidhme i ngach Ballstát. Cumhdaíonn sé comhaontuithe idirnáisiúnta, conarthaí an Aontais, rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí.Ní rialaítear gach gné de do shaol le dlí an Aontais. Tá roinnt réimsí faoi shainchúram na rialtas náisiúnta go heisiach, cuir i gcás pleanáil uirbeach agus formhór na ngnéithe den dlí coiriúil agus sibhialta.An é nach bhfuil tú cinnte an bhfuil feidhm ag dlí an Aontais maidir le do chás?Sárú ar dhlí an AontaisD’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm aon cheann de na cásanna seo a leanas a théann in aghaidh dhlí an Aontais:dlí náisiúnta, rialachán náisiúnta nó beart riaracháin náisiúntaeaspa dlí, rialacháin nó birt riaracháincleachtas ag údaráis náisiúnta de thír den Aontas Eorpach.Mar shampla, má shonraítear i ndlí an Aontais nár cheart do ghluaisteáin díosail níos mó ná 1 ghram d’aonocsaíd charbóin in aghaidh an chiliméadair a astú, mheasfaí gur sáraíodh an dlí sin sna cásanna seo a leanas:dlí a bheith i bhfeidhm ag Ballstát le nach bhforfheidhmítear ach teorainn níos airdegan dlí a bheith i bhfeidhm ag Ballstát chun aon teorainn a chur i bhfeidhmdlí a bheith i bhfeidhm ag Ballstát chun an teorainn sin a fhorfheidhmiú ach gan a údaráis a bheith á chur i bhfeidhm go praiticiúil. An méid nach féidir leis an gCoimisiún a dhéanamh Níl sé de chumhacht ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:gníomhú de réir na ngearán seo a leanas:gearán in aghaidh gníomhartha comhlachtaí príobháideacha nó daoine aonair nach bhfuil baint ag údaráis náisiúnta leo gearán maidir le hábhair nach dtagann faoi dhlí an Aontais (trastagairt don roinn Cad is dlí an Aontais ann)gearán i gcoinne tíortha nach Ballstáit den Aontas iadgearán i gcoinne eagraíochtaí idirnáisiúnta eile (e.g. ECAT, na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa)sásamh nó cúiteamh aonair a thairiscint duit as damáistí a thabhaigh túról cinnteoireachta a ghlacadh in ionad na n-údarás náisiúnta nó athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a rinne siad i gcásanna aonair. Gearáin a láimhseáil Tá forfheidhmiú dhlí an Aontais ar cheann de phríomhróil an Choimisiúin. Déanaimid é sin trínár n-iarrachtaí a dhíriú ar sháruithe ar dhlí an Aontais a chosc ar an gcéad dul síos agus trí ghníomhú go daingean agus go tapa nuair a tharlaíonn sáruithe tromchúiseacha.Baineann an cur chuige céanna le gearáin a láimhseáil. Ní dhéanaimid obair leantach ar gach gearán ach dírímid orthu siúd a bhfuil an tionchar is mó acu ar leasanna daoine agus gnólachtaí i gcoitinne. Cur chuige straitéiseach i leith forfheidhmiúIs é an bealach is fearr chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú sáruithe a chosc ar an gcéad dul síos. Tá comhar laethúil idir an Coimisiún agus a Bhallstáit ríthábhachtach chun comhlíonadh luath a chinntiú.Ach i ndeireadh na dála, bíonn gá ó am go chéile le nósanna imeachta um shárú, an fhéidearthacht tír den Aontas a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) ina measc, chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe tromchúiseacha ar dhlí an Aontais.Úsáideann an Coimisiún nósanna imeachta um shárú chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna sistéamacha maidir le comhlíonadh dhlí an Aontais agus ar sháruithe a bhfuil an tionchar is mó acu ar ghnáthshaol daoine agus gnólachtaí.I measc na n-imeachtaí um shárú sin tá cásanna i dtaca leis na nithe seo a leanas:mainneachtain treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta in am nó i gceartmainneachtain breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadhmainneachtain nós imeachta sásaimh a chur ar fáil i leith sáruithe ar dhlí an Aontais.Féach eolas faoi chinntí an Choimisiúin maidir le sáruithe.Tá ár gcur chuige straitéiseach i leith forfheidhmiú leagtha amach sa pháipéar beartais 2016 dar teideal EU law: Better Results through Better Application [Dlí an Aontais Eorpaigh: Torthaí níos fearr a bhuí le cur i bhfeidhm níos fearr] agus tugtar tuilleadh mínithe air sa Teachtaireacht dar teideal Enforcing EU law for a Europe that delivers [Dlí an Aontais a fhorfheidhmiú ar mhaithe le hEoraip a dhéanann beart de réir a bhriathair]. Baineann an straitéis sin le láimhseáil gearán agus nósanna imeachta um shárú araon.Gearáin nach ndéanfar aon ghníomh ina leith Ní imscrúdóidh an Coimisiún gearáin má tá aghaidh á tabhairt ar an ábhar cheana féin, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach nó ag an gCoimisiún féin, nó más féidir leis an ngearánach é a thabhairt go díreach chuig na comhlachtaí náisiúnta ábhartha, na cúirteanna ina measc.Tá feidhm aige sin maidir leis an méid seo a leanas:gearáin faoi chásanna aonair nach gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart iontu, nach léiríonn fadhb shistéamach fhorleathan. I gcásanna den sórt sin, má tá cosaint dlí éifeachtach ar fáil, díreoidh an Coimisiún gearánaigh chuig na húdaráis náisiúntacásanna ina bhfuil an tsaincheist ardaithe ag cúirt náisiúnta cheana féin le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in imeacht réamhrialaithegearáin lena n-ardaítear easnaimh thíortha an Aontais maidir le treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta, i gcás ina bhfuil an Coimisiún ag féachaint ar an gceist cheana féingearáin maidir le saincheisteanna ina bhfuil seasamh glactha ag an gCoimisiún cheana féin i dtogra reachtach.Céimeanna sa phróiseas Tá na céimeanna chun gearáin a láimhseáil agus na rialacha chun déileáil le gearánaigh leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an bpáipéar beartais EU law: Better results through better application [Dlí an Aontais Eorpaigh: Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr].Seo achoimre ar an bpróiseas a úsáideann an Coimisiún chun déileáil le gearáin:Fáil agus scagadh: Tar éis dó do ghearán a fháil, seiceálfaidh an Coimisiún an gcomhlíonann sé na critéir chun go láimhseálfar mar ghearán é. Mura féidir linn d’aighneacht a mheas mar ghearán, míneoimid an fáth leis sin i bhfreagra (e.g. níl an Coimisiún inniúil chun obair leantach a dhéanamh ar an ábhar, is amhlaidh gur iarraidh ar fhaisnéis atá i do ghearán etc.). Mar sin féin, má tá d’aighneacht maslach nó gan chiall agus mura bhfuil freagra substainteach ag teastáil ina leith, forchoimeádann an Coimisiún an ceart gan freagra a thabhairt.Clárú agus admháil fála: Má líomhnaítear i d’aighneacht gur sháraigh údarás náisiúnta de chuid tír den Aontas dlí an Aontais, gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas do ghearán, le huimhir chlárúcháin. Nuair a thugtar admháil go bhfuarthas gearán, míneoimid conas a dhéanaimid measúnú ar ghearáin agus conas a dhéileálfaimid le sonraí pearsanta. Measúnú: Scrúdóimid do ghearán bunaithe, den chuid is mó, ar an eolas a sholáthraíonn tú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cur síos beacht a dhéanamh ar na fíricí go léir trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin. Bíonn tionchar díreach ag cáilíocht an eolais a sholáthraíonn tú ar ár measúnú agus ar an obair leantach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar do ghearán. Ní iarrfaimid tuilleadh eolais mura léiríonn do ghearán comharthaí leordhóthanacha de shárú tromchúiseach ar dhlí an Aontais. Bunaithe ar ár straitéis forfheidhmithe, déanfaimid cinneadh ar cheart an gearán a imscrúdú tuilleadh, nó an féidir é a dhúnadh. Cinneadh: Tar éis dúinn measúnú a dhéanamh ar an ngearán, féadfaimid cinneadh a dhéanamh tús a chur le nós imeachta um shárú in aghaidh an tír den Aontas lena mbaineann nó an gearán a dhúnadh go cinntitheach. I gcásanna áirithe, nuair a shainaithnímid sárú féideartha ar dhlí an Aontais, d’fhéadfaimis cinneadh a dhéanamh dul i mbun idirphlé neamhfhoirmiúil leis an mBallstát lena mbaineann, idirphlé ar a dtugtar EU Pilot, seachas tús a chur láithreach le nós imeachta um shárú. Cuirfear ar an eolas thú dá réir sin.Déanfaimid ár ndícheall teacht ar chinneadh laistigh de bhliain amháin ó chlárú do ghearáin. Cuirfear ar an eolas thú má thagaimid ar an gconclúid nach ndéanfar aon ghníomh breise maidir le do ghearán. Míneoimid an fáth a bhfuil sé i gceist againn an gearán a dhúnadh agus beidh 4 seachtaine agat chun tuairimí breise a chur isteach más mian leat. Mura dtugann tú freagra nó mura dtugtar míreanna nua i do fhreagra a d’fhágfadh go ndéanfadh an Coimisiún athmhachnamh ar a sheasamh, dearbhóimid dúnadh an chomhaid. Ní féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Choimisiúin gearán a dhúnadh.Meabhraímid duit gurb éról an Choimisiúin é, seachas do chás-sa amháin a réiteach, deimhin a dhéanamh de go leanann tíortha an Aontais dlí an Aontais i gceart. Chun sásamh nó cúiteamh pearsanta a fháil, ní mór duit dul i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta ábhartha. An gceapann tú nár dhéileáil an Coimisiún le do ghearán i gceart?Má mheasann tú nár láimhseáil an Coimisiún do ghearán i gceart, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Ombudsman Eorpach. Baineann sé sin le gnéithe amhail mainneachtain déileáil leis an ngearán go tráthúil nó gan tú a choinneáil ar an eolas faoi na céimeanna éagsúla a bhaineann lena phróiseáil.Maidir leis an gcinneadh féin, áfach, ní féidir leis an Ombudsman teagmháil a dhéanamh ach amháin chun a chinntiú go bhfuil a sheasamh mínithe i gceart ag an gCoimisiún. Ní féidir leis athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh ach amháin má tá fianaise ann go bhfuil earráid fhollasach ann.Cén céatadán de na gearáin a imscrúdaíonn an Coimisiún?Ní dhéanann an Coimisiún imscrúdú breise ar fhormhór na ngearán, ar thrí chúis mhóra:níl aon chumhacht ag an gCoimisiún gníomhú ina leithní shainaithnítear aon sárú ar dhlí an Aontaisis fearr déileáil leis an sárú a sainaithníodh ar an leibhéal náisiúnta.Mar shampla, in 2022 rinne an Coimisiún beart leantach i leith níos lú ná 5% de na gearáin a fuarthas (trí imscrúduithe a sheoladh).Uaireanta, áfach, bíonn an Coimisiún in ann mórchásanna sáraithe a dhúnadh go rathúil bunaithe ar eolas a thugtar i ngearáin nó cásanna a dtacaíonn an t-eolas sin leo, toisc gur bhain tíortha an Aontais comhlíontacht amach.Tuairiscíonn an Coimisiún ar láimhseáil gearán ina Thuarascáil Bhliantúil maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais. Gearán a dhéanamh Téigh tríd ár seicliosta chun a chinntiú gur féidir leis an gCoimisiún Eorpach do ghearán a imscrúdú agus líon amach an fhoirm ghearáin.Gearán a dhéanamh Ilghearáin Uaireanta faigheann an Coimisiún líon mór gearán maidir leis an ábhar céanna, i gcoinne na tíre céanna den Aontas (‘ilghearáin’).Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cumarsáid a dhéanamh leis na gearánaigh mar ghrúpa, trí eolas a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin seo. Tríd an méid sin a chur in iúl, is féidir le seirbhísí an Choimisiúin freagairt go tapa agus iad siúd lena mbaineann a chur ar an eolas. Chomh maith leis sin, tugann sé deis aghaidh a thabhairt ar leas poiblí níos leithne a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an tsaincheist a tharraing na gearánaigh anuas.Faigh tuilleadh eolais faoi fhógraí maidir le roinnt gearán atá fós á measúnú nó a dúnadh le déanaí. Naisc úsáideacha Conas gearán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta.Do chearta faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – na cásanna ina mbíonn feidhm ag an gCairt, cad is ceart a dhéanamh má sháraítear do chearta agus cá háit is féidir cabhair a fháil.Tá sé de cheart agat freisin achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais. Seiceáil ar dtús ar ardaíodh do shaincheist leis an bParlaimint cheana féin. Más amhlaidh gur ardaíodh, is féidir leat tacú le hachainí atá ann cheana. Má tá an achainí inghlactha, féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a sheoladh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarraidh agus tabharfaidh sé freagra ar an bParlaimint.
Tá ról lárnach ag na húdaráis i ngachtír san Aontas maidir lena chinntiú go gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme go tráthúil agus i gceart. Tá sé sin ríthábhachtach chun go mbeidh daoine agus gnólachtaí faoi chosaint ag rialacha a chomhaontaítear go comhchoiteann agus chun go mbainfidh siad tairbhe astu. Is iad na húdaráis náisiúnta, na cúirteanna náisiúnta ina measc, an chéad líne chosanta le haghaidh do chearta dlíthiúla faoi dhlí an Aontais.Cinntíonn an Coimisiún go gcomhlíonann tíortha an Aontais a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais. Mura gcuireann siad dlíthe an Aontais chun feidhme i gceart, is féidir leis an gCoimisiún tús a chur le nós imeachta foirmiúil um shárú ina gcoinne. Is é an cuspóir atá ann dlíthe agus cleachtais náisiúnta a ailíniú le dlí an Aontais.