PlayPauseRoghnaigh an EoraipCuir do ghairmréim sa taighde chun cinn san Aontas Eorpach Roghnaigh taighde ceannródaíoch Mar ionad ceannródaíoch domhanda um thaighde agus nuálaíocht ina bhfuil saoirse eolaíochta, cuireann an tAontas Eorpach timpeallacht idéalach ar fáil chun do ghairmréim a chur chun cinn.Tá tréan deiseanna cobhsaí intuartha maoiniúcháin agus saoráidí ceannródaíocha ann agus cuireann an tAontas ar a gcumas do thaighdeoirí oibriú ar thionscadail inar féidir leo fíordhifríocht a dhéanamh. Beidh tú páirteach i gcomhphobal dinimiciúil idirnáisiúnta ina bhfuil na daoine is tréithí, iad ar fad tiomanta réitigh a fháil ar na dúshláin is mó roimh an domhan mór. Cuireann an Eoraip caighdeán saoil den scoth ar fáil, ina measc sin cúram sláinte agus oideachas inacmhainne, dálaí oibre den scoth agus slándáil shóisialta láidir duit féin agus do do theaghlach. Beidh saoirsí agus cosaintí atá bunaithe ar ár luachanna agat freisin. Sa spotsolas Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht: féach leat an méid atá ar fáilTá níos mó ná 60 scéim maoiniúcháin agus tacaíochta ar fáil ar fud 27 mBallstát an Aontais.Tuilleadh eolais Tuilleadh deiseannaGlao nua le haghaidh deontas chun tacú le príomhthaighdeoiríTáthar in ann iarratas a dhéanamh anois ar Dheontas Ardtaighde na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC) ar fiú suas le €2.5 milliún é. Déan iarratas faoin 28 Lúnasa 2025.Glao nua ar chomhaltachtaí iardhochtúireachtaTáthar in ann iarratas a dhéanamh anois le haghaidh comhaltachtaí iardhochtúireachta faoi Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC). Déan iarratas faoin 10 Meán Fómhair 2025.Glao le teacht ar mhaoiniú chun tacú le gairmeacha taighde san EoraipBeifear in ann iarratas a dhéanamh ón 1 Deireadh Fómhair 2025 ar mhaoiniú faoin tionscnamh nua GMSC Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht, ar fiú suas le €3.5 milliún é. Féach poist agus maoiniúPoist a chuardachFaigh do chéad phost eile san Aontas Eorpach ar EURAXESS, an bunachar sonraí is mó maidir le poist taighde, maoiniú agus tairiscintí óstála ar fud na hEorpa.Maoiniú a aimsiúDéan iarratas ar dheiseanna maoiniúcháin trí Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA), clár suaitheanta an Aontais Eorpaigh le haghaidh oideachas dochtúireachta agus oiliúint iardhochtúireachta.Iarratas a dhéanamh ar dheontasDéan iarratas ar dheontas ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) le haghaidh taighde ar thús cadhnaíochta, rud atá oscailte do na taighdeoirí is fearr as áit ar bith ar domhan. €93.5 billiúnar fáil ó Fhís Eorpach, clár maoiniúcháin an Aontais don taighde agus don nuálaíochtPacáiste €500 milliúnle haghaidh 2025-2027 chun taighdeoirí a mhealladh chun na hEorpa Eolas praiticiúil Teacht chun na hEorpaMá tá tú ag teacht le haghaidh post taighde nó clár dochtúireachta, tá réimse leathan acmhainní agus bearta tacaíochta i bhfeidhm chun a chinntiú go n-éireoidh leis an athlonnú a dhéanfaidh tú. Féach leat na praiticiúlachtaí a bhaineann le teacht chun na hEorpa, ina measc sin coinníollacha víosa agus iontrála, ceadanna cónaithe, tréimhsí fanachta gearrthéarmacha, óstáil, agus rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta.Tuilleadh eolais Obair a dhéanamh san EoraipCuireann an Eoraip dálaí iontacha ar fáil le haghaidh taighde ar thús cadhnaíochta. Bain taitneamh as an tsaoirse smaointe ceannródaíocha a shaothrú i dtimpeallacht thacúil ina bhfuil meas ar an gcruthaitheacht agus ar an mbarr feabhais. Agus béim láidir ar an gcothromaíocht oibre is saoil, cuireann an Eoraip ar a gcumas do thaighdeoirí dul chun cinn gairmiúil a dhéanamh agus saol pearsanta sásúil a bheith acu ag an am céanna.Féach leat na praiticiúlachtaí a bhaineann le bheith ag obair san Eoraip, ina measc sin ceadanna oibre, cánachas agus tuarastail, aitheantas dioplómaí, cearta maoine intleachtúla, agus forbairt gairme.Tuilleadh eolais Maireachtáil san EoraipCuireann an Eoraip caighdeán saoil den scoth ar fáil, le tacaíocht ónár gcórais leasa ar leith agus tiomantas láidir don éagsúlacht agus don chuimsiú. Bíonn go leor tíortha den Aontas i measc na dtíortha is sona agus is ináitrithe ar domhan go seasta, agus cuireann siad timpeallachtaí fáilteacha ar fáil inar féidir le gach duine rath a bheith air.Faigh amach faoi na praiticiúlachtaí a bhaineann le maireachtáil san Eoraip, ina measc sin lóistín, árachas sláinte, baincéireacht, cúram leanaí agus teangacha.Tuilleadh eolais Fionnachtana arna maoiniú ag an Eoraip Nuacht Speech7 Bealtaine 2025Speech by Commissioner Micallef at Civica Forum MadridAm léitheoireachta: 8 nóiméadSpeech5 Bealtaine 2025Closing speech by President von der Leyen at the ‘Choose Europe for Science' event at La SorbonneAm léitheoireachta: 9 nóiméadSee more news Doiciméid 5 BEALTAINE 2025Closing speech by President von der Leyen at the ‘Choose Europe for Science' event at La Sorbonne 8 BEALTAINE 2025Factsheet - Choose Europe - Advance your research career in the EU Naisc ghaolmhara Ardán Tallainne LETTairseach ar líne do thaighdeoirí agus nuálaithe san Eoraip agus níos faide i gcéin Tairseach Earcaíochta JRCTairseach ar a gcuirtear eolas earcaíochta agus folúntais reatha ar fáil do bhaill foirne shealadacha in Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin EorpaighTairseach ‘Cistiú & Tairiscintí’ an AontaisTairseach ar líne le haghaidh deiseanna maoiniúcháin ón AontasCORDISTairseach ar a bhfuil eolas faoi thionscadail, ábhair agus foilseacháin arna maoiniú ag cláir thaighde an Aontais
Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht: féach leat an méid atá ar fáilTá níos mó ná 60 scéim maoiniúcháin agus tacaíochta ar fáil ar fud 27 mBallstát an Aontais.Tuilleadh eolais
Glao nua le haghaidh deontas chun tacú le príomhthaighdeoiríTáthar in ann iarratas a dhéanamh anois ar Dheontas Ardtaighde na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC) ar fiú suas le €2.5 milliún é. Déan iarratas faoin 28 Lúnasa 2025.
Glao nua ar chomhaltachtaí iardhochtúireachtaTáthar in ann iarratas a dhéanamh anois le haghaidh comhaltachtaí iardhochtúireachta faoi Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC). Déan iarratas faoin 10 Meán Fómhair 2025.
Glao le teacht ar mhaoiniú chun tacú le gairmeacha taighde san EoraipBeifear in ann iarratas a dhéanamh ón 1 Deireadh Fómhair 2025 ar mhaoiniú faoin tionscnamh nua GMSC Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht, ar fiú suas le €3.5 milliún é.
Poist a chuardachFaigh do chéad phost eile san Aontas Eorpach ar EURAXESS, an bunachar sonraí is mó maidir le poist taighde, maoiniú agus tairiscintí óstála ar fud na hEorpa.
Maoiniú a aimsiúDéan iarratas ar dheiseanna maoiniúcháin trí Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA), clár suaitheanta an Aontais Eorpaigh le haghaidh oideachas dochtúireachta agus oiliúint iardhochtúireachta.
Iarratas a dhéanamh ar dheontasDéan iarratas ar dheontas ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) le haghaidh taighde ar thús cadhnaíochta, rud atá oscailte do na taighdeoirí is fearr as áit ar bith ar domhan.
Teacht chun na hEorpaMá tá tú ag teacht le haghaidh post taighde nó clár dochtúireachta, tá réimse leathan acmhainní agus bearta tacaíochta i bhfeidhm chun a chinntiú go n-éireoidh leis an athlonnú a dhéanfaidh tú. Féach leat na praiticiúlachtaí a bhaineann le teacht chun na hEorpa, ina measc sin coinníollacha víosa agus iontrála, ceadanna cónaithe, tréimhsí fanachta gearrthéarmacha, óstáil, agus rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta.Tuilleadh eolais
Obair a dhéanamh san EoraipCuireann an Eoraip dálaí iontacha ar fáil le haghaidh taighde ar thús cadhnaíochta. Bain taitneamh as an tsaoirse smaointe ceannródaíocha a shaothrú i dtimpeallacht thacúil ina bhfuil meas ar an gcruthaitheacht agus ar an mbarr feabhais. Agus béim láidir ar an gcothromaíocht oibre is saoil, cuireann an Eoraip ar a gcumas do thaighdeoirí dul chun cinn gairmiúil a dhéanamh agus saol pearsanta sásúil a bheith acu ag an am céanna.Féach leat na praiticiúlachtaí a bhaineann le bheith ag obair san Eoraip, ina measc sin ceadanna oibre, cánachas agus tuarastail, aitheantas dioplómaí, cearta maoine intleachtúla, agus forbairt gairme.Tuilleadh eolais
Maireachtáil san EoraipCuireann an Eoraip caighdeán saoil den scoth ar fáil, le tacaíocht ónár gcórais leasa ar leith agus tiomantas láidir don éagsúlacht agus don chuimsiú. Bíonn go leor tíortha den Aontas i measc na dtíortha is sona agus is ináitrithe ar domhan go seasta, agus cuireann siad timpeallachtaí fáilteacha ar fáil inar féidir le gach duine rath a bheith air.Faigh amach faoi na praiticiúlachtaí a bhaineann le maireachtáil san Eoraip, ina measc sin lóistín, árachas sláinte, baincéireacht, cúram leanaí agus teangacha.Tuilleadh eolais
Speech7 Bealtaine 2025Speech by Commissioner Micallef at Civica Forum MadridAm léitheoireachta: 8 nóiméad
Speech5 Bealtaine 2025Closing speech by President von der Leyen at the ‘Choose Europe for Science' event at La SorbonneAm léitheoireachta: 9 nóiméad
Ardán Tallainne LETTairseach ar líne do thaighdeoirí agus nuálaithe san Eoraip agus níos faide i gcéin
Tairseach Earcaíochta JRCTairseach ar a gcuirtear eolas earcaíochta agus folúntais reatha ar fáil do bhaill foirne shealadacha in Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh
Tairseach ‘Cistiú & Tairiscintí’ an AontaisTairseach ar líne le haghaidh deiseanna maoiniúcháin ón Aontas
CORDISTairseach ar a bhfuil eolas faoi thionscadail, ábhair agus foilseacháin arna maoiniú ag cláir thaighde an Aontais