Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Ateangairí foirneLe bheith i d’ateangaire foirne buan don Aontas Eorpach, ní mór duit comórtas d’ateangairí a dhéanamh ar dtús.Bíonn na critéir incháilitheachta bheachta, go háirithe ó thaobh na próifíle teanga a theastaíonn de, difriúil ó chomórtas go comórtas.Má éiríonn leat sa chomórtas, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí conradh buan AD (grád riarthóra) a thairiscint duit.Conas iarratas a dhéanamhDeiseanna – comórtais atá oscailte agus comórtais atá le teachtSaor-ateangairíTá seirbhís ateangaireachta dá gcuid féin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach, ach is i gcomhpháirt le chéile a roghnaíonn siad saor-ateangairí.An scrúdú creidiúnúcháinMar chuid den scrúdú creidiúnúcháin, déantar trialacha san ateangaireacht chomhleanúnach agus san ateangaireacht chomhuaineach, agus, más ábhartha, i dteanga retour freisin;Iarratas a dhéanamh le bheith i do shaor-ateangaireSéanadhTabhair do d’aire gur teastas ar rannpháirtíocht sa chúrsa oiliúna ábhartha atá in aon teastas a eisíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta; ná tuigtear gur creidiúnú mar ateangaire d'institiúidí an Aontais Eorpaigh iad.